-
♪(Ceol tírghrách)♪
-
Dia dhuit Georgia! Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh vóta a chaitheamh i mí na Samhna,
-
beidh ort cláraigh ar dtús.
-
Is féidir leat seiceáil a dhéanamh ag úsáid an nasc thíos
-
chun féiceáil má tá tú cheana féin cláraithe.
-
Mura bhfuil tú, nó más rud é gur bhog tú nó gur aithrigh tú d'ainm ón uair dheireanach
-
gur chaith tú vóta, is féidir leat fós an nasc céanna a úsáid chun iarratas clárú a líonadh.
-
Díobh atá ceadúnas tiomána bailí Georgia agaibh,
-
cuir isteach an uimhir ceadúnas agus cuir isteach an foirm ar líne.
-
Mura bhfuil ceadúnas Georgia agat, cuirfidh siad ceist ort é a phriontáil amach, é a shíneadh
-
agus é a chur sa phost, le stampa.
-
Tá a fhios agam go bhfuil sé bearránach, ach tá sé tábhachtach, mar sin déan é ar aon nós.
-
Is é an spriocdáta chun clárú an 5ú de mí Dheireadh Fómhar
-
má tá tú ag iarraidh vóta a chaitheamh san olltoghchán ar an 3ú de mí na Samhna.
-
Nuair atá tú cláraithe tá cúpla rogha difriúla agat faoi conas a vótálfaidh tú
-
Is féidir le haon duine i Georgia vóta a chaitheamh tríd an post,
-
aitheanta chomh maith mar vóta neamhláithrí, i gcómhair cúis ar bith.
-
An t-aon rud gur caithfidh tú déanamh ná an foirm sa nasc thíos a íoslódáil,
-
é a líonadh amach agus é a phóstail chuig oifig an Bord Contae um Cláraitheoir
-
Tá nasc chuig a seoladh ar fad sa chur síos.
-
Go teicniciúil, glacann Georgia le hiarratais ballóid neamhláithrí suas go dtí an 30ú de mí Deireadh Fómhair,
-
ach is luatha go ndéanann tú iarratas is luatha a faigheann tú do
-
bhallóid agus is faide a bheidh agat scrúdú a dhéanamh air agus do chinní a dhéanamh
-
agus é a phóstáil ar ais roimh an 3ú de mí Samhna.
-
Chomh maith, is féidir leat vóta a chaitheamh go pearsanta go luath ón 12ú go dtí an 30ú lá de mí Dheireadh Fómhair.
-
Is féidir leis na huaireanta agus na suíomhanna a athrú idir contae ach tá ar gach contae cead a thabhairt duit
-
vóta a chaitheamh go luath ar Sathairn amháin ar a laghad má tá sé níos éasca duit vóta a chaitheamh i rith an deireadh seachtaine.
-
Tá nasc sa chur síos ina féidir leat do chontae a roghnú
-
agus deirfidh sé leat cathain agus cén áit gur féidir leat dul chun vóta a chaitheamh go luath.
-
Ach, má tá an sceitimíní uait de bheith ag caitheamh vóta go pearsanta ar an 3ú de mí na Samhna
-
is féidir leat an áit vótála a aimsiú ag úsáid an nasc céanna gur bhain tú úsáid as chun clárú.
-
Tá na toghcháin oscailte ó 7 r.n. go 7 i.n. ar fud an stáit. Beidh ort comhartha aitheantais a thabhairt leat.
-
Glacfaidh siad le ceadúnas tiomána, comhartha aitheantais stáit, pas, comhartha aitheantais míleata nó comhartha aitheantais treibhe.
-
Mura bhfuil na cineálacha aitheanta seo agat
-
is féidir leat cárta comhartha aitheanta vótála saor in aisce a fháil ag d'oifig Cláraitheoir Contae nó ag an Roinn um Mótarfheithicil.
-
Is féidir leis na huaireanta ina bhfuil na hoifig seo ar oscailt athrú agus beidh teastas breithe
-
agus fianaise seoladh uait chun ceann a fháil. Mar sin, má tá comhartha aitheantais vótála saor in aisce uait, tosaigh ag obair ar sin anois.
-
Má tá tú ag iarraidh féachaint ar gach rud a mbeidh tú in ann vóta a chaitheamh dóibh
-
tá nasc thíos ina féidir leat do bhallóid samplach a aimsiú.
-
Is é an nasc céanna a n-úsáidfidh tú chun clárú agus d'áit vótála a sheiceáil.
-
Tugann sé sin seans duit taighde a dhéanamh ar na hiarrthóirí i gcómhair do thoghcháin áitiúla roimh ré.
-
Ní chaithfidh tú vóta a chaitheamh do ghach ball ar an mballóid mura bhfuil tú ag iarraidh
-
ach má tá tú ag iarraidh tionchar a bheith agat ar na toghcháin áitiúla tábhachtacha sin
-
tá sé an-cabhrach a bheith ar an eolas faoi cad a bheidh air.
-
Roimh a shiúlann tú isteach sa bhoth vótála,
-
Má tá tú ag iarraidh, is féidir leat ceann a phriontáil amach chun tabhairt chuig na toghcháin leat
-
ionas gur féidir leat cuimhniú ar conas gur mhaith leat vóta a chaitheamh.
-
Rud amháin deireanach: má tá tú chun vóta a chaitheamh
-
oscail an aip nóta nó faigh píosa páipéar agus déan plean.
-
Scríobh síos cathain agus conas a bhfuil tú chun clárú,
-
cén am a bhfuil tú chun vóta a chaitheamh, conas go rachaidh tú ann,
-
cén comhartha aitheantais a bhfuil tú chun úsáid a bhaint as,
-
fiú cé a bhfuil tú ag tabhairt chuig na toghcháin leat.
-
Is bealach iontach é plean a bheith agat chun a bheith
-
cinnte nach dtarlóidh aon rud chun thú a stopadh ag vótáil ar an 3ú Samhain.
-
Beidh na nascanna ar fad atá uait chun do chlárú agus
-
áit vótála a sheiceáil sa cur síos.
-
Míle buíochas as vótáil!
-
How To Vote in Every State (Conas Vóta a Chaitheamh i nGach Stáit) atá cruthaithe de Complexy,
-
comhpháirtíocht le The MediaWise Voter Project
-
atá ceannas ag The Poynter Institute agus tá tacaíocht ó Facebook.