Tavi Gevinson: Déagóir atá ag iarraidh é a oibriú amach
-
0:00 - 0:03Ceithre bliana ón lá inniu, mar a tharlaíonn sé,
-
0:03 - 0:06bhunaigh mé blag faisean dár teideal Style Rookie.
-
0:06 - 0:10Meán Fomhair seo caite, i 2011, bhunaigh mé iris ar líne
-
0:10 - 0:14dírithe ar chailiní sna déagóirí dár teideal rookiemag.com
-
0:14 - 0:18Tavi Gevinson is ainm dom, agus
-
0:18 - 0:21is é teideal na hóráide seo ná "Fós ag Iarraidh é a Oibrigh Amach"
-
0:21 - 0:23agus ba chinneadh cruthaitheach amach is amach é
-
0:23 - 0:27MS Peint a úsáid ar mo shleamhnáin, chun cloí le téama an lae,
-
0:27 - 0:28agus níl sé fíor nach féidir liom
-
0:28 - 0:32PowerPoint a úsáid. (Gáire)
-
0:32 - 0:36Cuirim an suíomh do chailiní sna déagoirí seo in eagar. Is feimineach mé.
-
0:36 - 0:39Is cineál neird an chultúir pobail mé, agus smaoiním go minic ar
-
0:39 - 0:41cad is carachtar baineann atá láidir ann,
-
0:41 - 0:43agus, bíonn tionchar ag
-
0:43 - 0:48scannáin agus ag cláir teilifíse. Mó shuíomh idirlíne féin.
-
0:48 - 0:50Mar sin, ceapaim nach bhfuil freagair ró-shoiléir ar an gceist
-
0:50 - 0:53"Cad is carachtar baininscneach atá láidir ann?"
-
0:53 - 0:56agus mar fhreagra, faighimid na spéirmná follasacha seo
-
0:56 - 1:00a bhfuil tréith amháin acu a chuirtear chun tosaigh é,
-
1:00 - 1:02carachtair cosúil le Catwoman
-
1:02 - 1:06a chuireann a cuid collaíochta chun tosaigh,
-
1:06 - 1:07agus feictear ar sin mar chumhacht.
-
1:07 - 1:11Ach ní carachtair láidir iad atá bainscneach i chomh maith,
-
1:11 - 1:13tá siad go hiomlán lom,
-
1:13 - 1:15agus is carachtair aontaobhacha iad don chuid is mó.
-
1:15 - 1:17Is é an fhadhb atá le seo ná
-
1:17 - 1:21go gcreideann daoine ansin go bhfuil sé chomh éasca sin mná a thuiscint
-
1:21 - 1:23agus braitheann mná feargach orthu féin
-
1:23 - 1:24ós rud é nach bhfuil siad chomh shimplí sin,
-
1:24 - 1:27nuair, mar a tharlaíonn sé, tá mná casta,
-
1:27 - 1:31tá mná iltaobhacha -- ní go bhfuil mná ar mire
-
1:31 - 1:32ach bíonn daoine ar mire,
-
1:32 - 1:36agus is daoine iad mná. (Gáire)
-
1:36 - 1:38Mar sin, is iad na lochtanna na gnéithe is tábhachtaí.
-
1:38 - 1:40Nílim an chéad duine chun é seo a rá.
-
1:40 - 1:42Is é atá taobh thiar don charachtar bainiscneach atá láidir
-
1:42 - 1:47ná carachtar a bhfuil laige aici, a bhfuil lochtanna aici,
-
1:47 - 1:49duine nach dtaithníonn sí leat i dtús,
-
1:49 - 1:52ach is féidir í a thuiscint ag an deireadh.
-
1:52 - 1:53Ní mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhadhb seo
-
1:53 - 1:56gan dóibh siúd a obríonn chun é a réiteach a luath,
-
1:56 - 1:59mar sin, ba mhaith liom cláir cosúil le "Mad Men" a luath,
-
1:59 - 2:02scannáin cosúil le "Bridemaids" a bhfuil carachtair baininscneacha
-
2:02 - 2:06nó príomhcharachtair atá casta, iltaobhacha le fáil iontu.
-
2:06 - 2:10Lena Dunham, atá ar fáil anseo, a clár ar HBO
-
2:10 - 2:12"Girls," a thosaíonn an mhí seo chugainn,
-
2:12 - 2:15dúirt sí gur theastaigh uaithi an clár a chruthú mar bhraith sí
-
2:15 - 2:18gur mhéascan do chosarsnachtaí ab ea gach bean a raibh aithne aici uirthi,
-
2:18 - 2:20agus tá sé sin fíor do gach duine,
-
2:20 - 2:23ach ní fhaigheann tú an léargas sin ar mhná.
-
2:23 - 2:26Comhghairdeachas, a chairde.
-
2:26 - 2:30Ach ní bhraithim é sin - Braithim go bhfuil grupaí ban ann
-
2:30 - 2:32nár chuirtear ós ár gcomhair sa tslí sin
-
2:32 - 2:35agus dirímid isteach ar dhéagoirí inniu,
-
2:35 - 2:38mar ceapaim go bhfuil déagóirí líon lán le codarsnachtaí
-
2:38 - 2:41agus go bhfuil siad ag iarraidh gach rud a oibrigh amach,
-
2:41 - 2:45agus sna 90idí bhí "Freaks and Geeks" againn
-
2:45 - 2:47agus "My So-Called Life" agus a gcarachtair againn,
-
2:47 - 2:50Lindsay Weir agus Angela Chase, againn
-
2:50 - 2:53Ba é bunchloch na gclár seo ná
-
2:53 - 2:56na daoine a bhí ag iarraidh iad féin a oibrigh amach, a bheag nó a mhór,
-
2:56 - 2:59ach níor mhair na cláir seo ach ar feadh sraith amháin
-
2:59 - 3:04ach ní fhaca mé aon rud mar sin ar an teilifís go dtí seo.
-
3:04 - 3:11Anois, seo léaráid eolaíoch don inchinn agam - (Gáire)
-
3:11 - 3:12ón uair nuair a bhíos,
-
3:12 - 3:15nuair a thosnaíos ag féachaint ar na cláir seo.
-
3:15 - 3:17Bhí an scoil mhéanach ag teacht chun deireadh, bhíos ag tosnú san ardscoil --
-
3:17 - 3:19Is sofamór anois mé
-
3:19 - 3:22agus bhíos ag iarraidh tabhairt chun réiteach
-
3:22 - 3:25na codarsnachtaí a deirtear leat nach féidir iad a réitiú
-
3:25 - 3:26nuair a fhásann tú aníos mar chailín.
-
3:26 - 3:29Ní féidir bheith eirimiúil agus dathúil
-
3:29 - 3:31Ní féidir bheith i do fheimineach a bhfuil suim agat san fhaisean.
-
3:31 - 3:35Ní féidir suim a bheith agat in éadaí nuair is cuma leat
-
3:35 - 3:38cad a cheapann daoine eile, fir ach go háirithe, fút.
-
3:38 - 3:41Bhíos ag iarraidh an méid sin a thabhairt chun réiteach
-
3:41 - 3:45agus bhí beagánín mearbhall orm,
-
3:45 - 3:46agus dúirt mé é sin ar mo bhlag,
-
3:46 - 3:51agus dúirt mé gur theastaigh uaim
-
3:51 - 3:53suíomh idirlíne dírithe ar chailíní sna déagóirí a bhunú
-
3:53 - 3:56agus níor bhain sé seo
-
3:56 - 3:59le cumhacht an charachtair láidre aontaobhacha
-
3:59 - 4:02mar ceapaim go gcuirfeadh misthuiscint áirithe
-
4:02 - 4:05faoin fheimineachas as do dhaoine nuair a chreideann
-
4:05 - 4:08cailiní, chun a bheith in bhfeiminigh, go gcaithfidh siad
-
4:08 - 4:11cloí go dlúth lena gcuid prionsabail,
-
4:11 - 4:14agus nach bhfuil cead acu beith neamhchinnte, amhrasach,
-
4:14 - 4:17go caithfidh na freagraí ar fad a bheith acu. Agus níl sé sin fíor,
-
4:17 - 4:21agus bhí sé níos éasca na codarsnachtaí seo a réitiú
-
4:21 - 4:25nuair a thuigeas ní leabair rialacha í an fheimineachas
-
4:25 - 4:27ach plé,
-
4:27 - 4:29comhrá, próiseas,
-
4:29 - 4:33agus seo sliocht as zín a rinne mé an bhliain seo caite
-
4:33 - 4:36nuair a -- Tá meath tagtha
-
4:36 - 4:38ar mo scileanna léaráide ón uair sin.
-
4:38 - 4:42Ach pé scéal é.
-
4:42 - 4:46Dúirt mé ar mo bhlag gur theastaigh uaim an fhoilseachán seo a chur le chéile
-
4:46 - 4:49do chailiní sna déagóirí agus d'iarr mé ar dhaoine a gcuid scríbhneoireachta, grianghraifadóireachta,
-
4:49 - 4:51cibé rud, a thabhairt isteacht, chun a bheith ina
-
4:51 - 4:53bhall don fhoireann.
-
4:53 - 4:56Fuaireas tuairim is 3,000 rphoist.
-
4:56 - 4:58Chuaigh mé agus mo stúirtheoir eagarthóireachta tríd agus
-
4:58 - 5:01chuireamar foireann le chéile,
-
5:01 - 5:04agus d'fhoilsíomar don chéad uair an Mhéan Fomhair seo caite.
-
5:04 - 5:06Agus seo sliocht as an chéad litir eagarthóra a scríobh mé
-
5:06 - 5:10nuair a deirim nach bhfuil na freagraí ar fad ag Rookie.
-
5:10 - 5:12go bhfuilimid fós ag iarraidh gach rud a oibrigh amach freisin, ach níl sé mar aidhm againn
-
5:12 - 5:16na freagraí a thabhairt do chailíní, agus ní chun cead a thabhairt dóibh fiú
-
5:16 - 5:19chun freagraí a fháil dóibh féin,
-
5:19 - 5:21ach iad a spreagadh chun go dtuigfidh siad
-
5:21 - 5:23gur féidir leo an cead sin a thabhairt dóibh féin,
-
5:23 - 5:26gur féidir leo a gceisteanna féin a chur, a bhfreagraí féin a aimsiú,
-
5:26 - 5:28agus ceapaim go bhfuil iarracht déanta ag Rookie
-
5:28 - 5:34spás deas a chruthú chun gach rud a oibriú amach.
-
5:34 - 5:36Nílimid ag rá 'Bí ar nós linne",
-
5:36 - 5:38agus "Is eiseamláirÍ foirfe muid," mar níl muid,
-
5:38 - 5:43ach ba mhaith linn cailiní a léiriú
-
5:43 - 5:46ar bhealaí a leiríonn na taobhacha éagsúla seo.
-
5:46 - 5:50Mar shampla, tá ailt againn dár teideal
-
5:50 - 5:53"Ag Caint go Dáiríre: Conas neamhaird a thabhairt ar thuairimí Einne Eile"'
-
5:53 - 5:55ach tá ailt eile againn, mar shampla,
-
5:55 - 5:59oops -- táim ag iarraidh é a oibriú amach!
-
5:59 - 6:02Ha ha. (Gáire)
-
6:02 - 6:05Má úsáideann tú an líne sin, tá leithscéal agat do gach rud.
-
6:05 - 6:06Tá ailt againn dár teideal
-
6:06 - 6:10"Conas a Chuir in Iúl Nach Raibh tú ag Gol Cúig Nóiméad ó shin.
-
6:10 - 6:13Agus an méid sin ráite, is ábhar sásaimh do
-
6:13 - 6:17iad na carachtair i scannáin agus
-
6:17 - 6:19in ailt mar sin ar ár suíomh,
-
6:19 - 6:22nach mbaineann leis an gcumhacht amháin,
-
6:22 - 6:25ach a bhaineann le féinghlacadh chomh maith
-
6:25 - 6:31agus le féinmheas agus le do lochtanna agus conas iad a ghlacadh.
-
6:31 - 6:34Ba mhaith liom dá nglacfadh sibh an chomhairle seo ón óraid,
-
6:34 - 6:39ceacht an lae, ná bí Stevie Nicks.
-
6:39 - 6:42Sin a bhfuil le déanamh agat. (Gáire)
-
6:42 - 6:45Mar, is é an rud is ansa liom fuithi,
-
6:45 - 6:48thar aon rud eile ná
-
6:48 - 6:50go bhfuil sí, go raibh
-
6:50 - 6:53láithreacht chinnte aici ar an stáitse,
-
6:53 - 6:56agus go raibh sí oscailte faoina lochtanna
-
6:56 - 7:00agus faoin réitiú a dhéanann sí ar na mothúcháin grithráiteacha
-
7:00 - 7:04agus cuireann sí dualgas ort éisteacht leo agus machnamh a dhéanamh orthu,
-
7:04 - 7:05agus sin é, bí Stevie Nicks le bhúr dtoil.
-
7:05 - 7:10Go raibh maith agaibh.
- Title:
- Tavi Gevinson: Déagóir atá ag iarraidh é a oibriú amach
- Speaker:
- Tavi Gevinson
- Description:
-
Bhí sé deacair do Tavi Gevinson, cúig bliana déag, eiseamláirí do dhéagóirí bainscneacha a bhí láidir a aimsiú -- mar sin, chruthaigh sí spás ionas gur féidir leo iad féin a aimsiú. Ag TEDxTeen, léiríonn sí an spás daignean neamhchinnte, casta seo, cruthaithe ag comhráite ar suíomhanna cosúil le Rookie, a suíomh cáiliúla cruithaithe do agus ag cailiní sna déagóirí, a théann i ngleic le feiminineachas an lae innu. (Scannaíodg ag TEDxTeen.)
- Video Language:
- English
- Team:
- closed TED
- Project:
- TEDTalks
- Duration:
- 07:30
Dimitra Papageorgiou approved Irish subtitles for A teen just trying to figure it out | ||
Dimitra Papageorgiou accepted Irish subtitles for A teen just trying to figure it out | ||
Róisín Healy edited Irish subtitles for A teen just trying to figure it out | ||
Róisín Healy added a translation |