An dóigh a dtugann na meáin shóisialta beocht do mhiontheangacha | Teresa Lynn | TEDxFulbrightDublin
-
0:22 - 0:27Éire- Tír na Miotas agus na bhFinscéalta.
-
0:28 - 0:31Anseo in Éirinn,
is aoibhinn linn scéalta a rá. -
0:32 - 0:36Finscéalta, cuir i gcás, Leanaí Lir
nó An Bradán Feasa. -
0:38 - 0:43Seo scéal eile, tá an Ghaeilge marbh.
-
0:45 - 0:49Bíonn an miotas céanna seo á scaipeadh
timpeall an domhain -
0:49 - 0:51maidir le go leor mionteangacha.
-
0:52 - 0:56Agus an miotas áirithe seo faoin
Ghaeilge, ná 'Gaelic' mar a tugadh uirthi, -
0:58 - 1:00tosaíodh é mar ráfla,
-
1:01 - 1:05a macasamhail, “Is teanga í an Ghaeilge
atá ag saothrú an bháis”. -
1:06 - 1:09Agus ansin thapaigh na
reacairí uafáis an deis. -
1:09 - 1:12Shíl siadsan nach raibh an leagan
seo gáifeach go leor -
1:12 - 1:15agus go ndearna siad
fíor-scéinséir den scéal. -
1:16 - 1:19Agus seo fadhb na scéalaíochta.
-
1:19 - 1:23Tá giota de cheartas
filíochta ag baint leis. -
1:23 - 1:26Is féidir carachtar nó dhó a
chumadh anseo agus ansiúd, -
1:26 - 1:28nó b’fhéidir ceann a mharú.
-
1:29 - 1:31Agus a rud a tharlaíonns ná go dtosaíonn
-
1:31 - 1:34daoine ag cur spéise ar an
leagan úr den scéal, -
1:35 - 1:38agus scaiptear é agus cuirtear i
gcluasa an tsaoil é go forleathan. -
1:39 - 1:44Agus seo an fáth go bhfaighim mé freagraí
an-aisteacha ar fud an domhain, -
1:45 - 1:48nuair a insím do dhaoine go
raibh mo staidéar PhD -
1:48 - 1:51ar theicneolaíocht don Ghaeilge;
-
1:52 - 1:55mar gur mór idir seo agus
a chuid bréagnú féin -
1:55 - 1:58gur teanga mharbh í an Ghaeilge ná
gur teanga í atá ag saothrú an bháis. -
2:00 - 2:03Tá an-chuid daoine atá
greimithe sna seantuarimí -
2:03 - 2:05ar cad atá i gceist leis an nGaeilge?
-
2:06 - 2:09Nach bhfuil baint aici ach le
seanmhuintir in iarthar na hÉireann. -
2:10 - 2:15Agus nach labhraítear í ach le
muintir na Gaeltachta ná le Gaeilgeoirí. -
2:16 - 2:19Agus is é seo díreach an miotas
a bhfuil mé ag caint faoi. -
2:20 - 2:23Mar sin, nuair a chuireann
daoine leathcheann orthu féin -
2:23 - 2:26agus deir siad,
“Teicneolaíocht na Gaeilge? -
2:27 - 2:29Ach nach teanga mharbh í an Ghaeilge?”
-
2:30 - 2:32Deirimse, “Ní hea, níl sí marbh!”
-
2:34 - 2:35agus insím dóibh go bhfuil
-
2:35 - 2:38an Ghaeilge i ndiaidh teacht i dtír
ar na meáin shóisialta. -
2:40 - 2:42Agus go bhfuil cainteoirí Gaeilge ar líne
-
2:42 - 2:46ar ardáin na meán sóisialta, cuir i gcás,
Facebook agus Twitter, -
2:46 - 2:50cainteoirí atá cruthaitheach agus
ag baint súp as a dteanga. -
2:50 - 2:54Agus go bhfuil níos mó ná milliún
tweetanna go nuige seo. -
2:56 - 2:58Seo teasléaráid déine
-
2:59 - 3:03ar ghníomhaíocht na Gaeilge
ar Twitter in Éirinn -
3:04 - 3:07Mar sin, is féidir linn deireadh a chur
leis an miotas seo -
3:07 - 3:10nach bhfuil sí ar fáil ach
amháin in Iarthar na hÉireann. -
3:11 - 3:13Agus cad faoin léarscáil seo?
-
3:13 - 3:19Seo comhráite as Gaeilge ar Twitter
á gcuimsiú thar ilcríocha. -
3:20 - 3:23Agus is féidir an fíorscéal
céanna seo a rá -
3:23 - 3:26maidir le go leor mionteangacha
timpeall an domhain. -
3:27 - 3:29Mar sin, b’fhéidir go bhfuil sibh
ag smaointiú faoi -
3:29 - 3:32pháirt a ghlacadh sna comhráite seo anois,
-
3:32 - 3:34ach cad a dhéanann tú má tú faiteach faoi
-
3:34 - 3:37do chaighdeán scríbhneoireachta
i do theanga féin? -
3:37 - 3:39Ar chóir duit an bac sin a chur romhat?
-
3:41 - 3:45Bhuel, ní hé go gcoinnítear daoine siar
maidir le tweetáil i mBéarla, -
3:45 - 3:48i bhFraincis, ná i dteanga
ar bith eile ar a shon sin. -
3:50 - 3:52Agus sin an rud faoi na meáin shóisialta:
-
3:53 - 3:55tá siad sóisialta agus tá siad maolaithe.
-
3:56 - 3:59Tá rialacha litrithe maolaithe.
Tá rialacha gramadaí maolaithe. -
3:59 - 4:03Is féidir leat focail a ghearrú;
á litriú go fóneolaíoch. -
4:03 - 4:08Agus is minic a fheictear seo ar Twitter,
ina spreagann an uasmhéid 140 focal -
4:08 - 4:12do dhaoine a bheith cruthaitheach agus
eacnamaíoch lena dteanga. -
4:14 - 4:16Seo a thuganns mé chun mo thaighde féin.
-
4:17 - 4:19Mar sin, mar ríomh-theangeolaí,
-
4:19 - 4:23tá spéis agam súil níos
géire a chaitheamh ar theangacha -
4:23 - 4:26le tacaíocht ó ríomhairí.
-
4:27 - 4:30Mar sin, anuraidh, nuair a
bhí mé ar cuairt Fulbright -
4:30 - 4:33chuig Ollscoil St Louis, sa SA,
-
4:34 - 4:36d’obair mé leis an Ollamh Kevin Scannell.
-
4:36 - 4:39Agus chaith muid súil ghéar
ar tweetanna Gaeilge. -
4:40 - 4:42Bhí muid ag iarraidh a fháil amach cén
-
4:42 - 4:45dóigh a bhfuil an Ghaeilge
á úsáid ar líne. -
4:45 - 4:47Mar sin, céard go díreach
a rinne muid? -
4:48 - 4:51Bhuel, thug muid uirlisí próiseála teanga
-
4:51 - 4:52a rinneadh le haghaidh úsáid
-
4:52 - 4:55i gcomhair téacsanna Gaeilge
gramadaí agus dea-structúrtha, -
4:55 - 4:58agus rinne muid tástáil leofa
ar tweetanna Gaeilge. -
4:59 - 5:01Agus an rud a bhí muid
ag iarraidh a fháil amach -
5:01 - 5:03ná cá dteipfeadh ar na huirlisí seo?
-
5:03 - 5:06Cad iad na dúshláin a thiocfaí as?
-
5:07 - 5:09Seo sampla de tweet Gaeilge
-
5:09 - 5:12a chruthódh deacracht do
theicneolaíocht mar seo. -
5:12 - 5:17Seo tweet ó thacaí peile de chuid
Chumann Lúthchleas Gael in Éirinn, -
5:17 - 5:18agus deirtear ann,
-
5:18 - 5:22“an t-am seo an t7ain seo chugainn,
-
5:22 - 5:25bei 2 ag partyáil le muintir Ráth Daingin!
-
5:25 - 5:28Hope youre not too scared #upthevillage”.
-
5:28 - 5:29(Gáire)
-
5:31 - 5:32Agus an bhrí atá ar an nGaeilge ná,
-
5:32 - 5:35“an t-am seo an tseachtain seo chugainn,
-
5:35 - 5:38beidh tú ag ceiliúradh
le muintir Ráth Daingin.” -
5:38 - 5:39Mar sin, cad atá ag tarlú anseo?
-
5:40 - 5:43Go bunúsach, tá daoine
ag déanamh spraoi lena dteanga, -
5:43 - 5:45tá siad cruthaitheach lena dteanga.
-
5:45 - 5:50Tá uimhreacha á n-úsáid in ionad
focal, nó codanna d’fhocail. -
5:50 - 5:54Baintear amach camóga.
Litrítear an briathar, 'beidh', 'b-e-i', -
5:54 - 5:56mar nuair a bhaintear an 'dh' amach
-
5:56 - 5:59ní athraíonn fuaimniú an fhocail gan é.
-
5:59 - 6:02Agus cruthaítear focal úr: ‘partyáil’
-
6:03 - 6:06Is iarmhír í ‘á-i-l’ san ainm
briathartha sa Ghaeilge. -
6:07 - 6:09Má chuirtear seo agus focal
Béarla mar fhréamh, -
6:09 - 6:12tá foirm bhriathartha úr agat: 'partying'.
-
6:13 - 6:15Agus muise, tá an malartú teanga
-
6:15 - 6:17ná an códmhalartú ag an deireadh.
-
6:18 - 6:20Anois, níl anseo ach sampla amháin.
-
6:20 - 6:25Is amhlaidh go ndearna muid anailísiú
ar 1500 tweetanna Gaeilge -
6:25 - 6:27chun tuiscint níos cuimsithí a fháil
-
6:27 - 6:31ar cad go díreach atá ag dul
ar aghaidh sna tweetanna. -
6:31 - 6:34Agus an rud a fuair muid amach ná
go bhfuil -
6:34 - 6:36an Ghaeilge ar aon iúl
le teanga ar bith eile -
6:36 - 6:40agus le teanga ar bith eile a ndéantar
anailís uirthi sa dóigh seo. -
6:40 - 6:41Tá sí ag síorathrú.
-
6:42 - 6:44Tá úsáid na Gaeilge ar líne ag spreagadh
teacht -
6:44 - 6:47chun cinn nósanna teangeolaíochta nua.
-
6:47 - 6:49Tá sé ríthábhachtach a admháil
nach bhfuil muid -
6:49 - 6:52ag caint faoi chineál
nua Ghaeilge leis seo. -
6:52 - 6:55Tá muid ag caint faoi
chineál scríofa nua den teanga. -
6:55 - 6:58Is leagan de Ghaeilge í atá
níos inaimsithe -
6:58 - 7:02do réimse níos leithne de chainteoirí
agus go háirithe d’fhoghlaimeoirí. -
7:04 - 7:06Agus de réir tuairisce a
rinnedh le déanaí, -
7:06 - 7:09tá na patrúin chéanna
ag teacht chun solais -
7:09 - 7:11d’ár mionteangacha lámh linn:
-
7:11 - 7:14Gaeilge na hAlban, An Ultais,
An Mhanainnis, -
7:14 - 7:17An Bhreatnais, An Choirnis, agus Jèrriais.
-
7:17 - 7:19Tá cainteoirí líofa agus foghlaimeoirí
-
7:19 - 7:23ag teacht le chéile agus ag déanamh
teagmháil le chéile ar líne. -
7:26 - 7:29Agus má smaoiníonn tú air,
tá ciall ag baint leis. -
7:29 - 7:31Más cainteoir mionteanga tú,
-
7:32 - 7:35b’fhéidir nach bhfuil duine ar bith
i do theaghlach a labhraíonn í, -
7:35 - 7:38b’fhéidir nach labhraíonn
do chuid cairde í, -
7:38 - 7:42nó b’fhéidir go bhfuil cónaí ort
na céadta ná na mílte ciliméadar -
7:42 - 7:45ón phobal teangeolaíoch sin
is cóngaraí duit. -
7:45 - 7:48Cén dóigh a ndéanann tú
teagmháil le cainteoirí eile? -
7:48 - 7:53Bhuel, tá sé simplí.
Níl ort ach dul ar líne. -
7:53 - 7:56Faigheann tú ardán ar na méain sóisialta
a fheileanns duit féin, -
7:57 - 7:59agus tosaíonn tú ag déanamh
teagmháil leis -
7:59 - 8:02an bpobal eile de chainteoirí
teangeolaíocha ar líne. -
8:02 - 8:06Bí cruthaitheach le do theanga, bíodh
spraoi agat léi, agus bí bródúil aisti. -
8:08 - 8:12Ar deireadh thiar thall, tugann an suíomh
idirlín, http://indigenoustweets.com/, -
8:13 - 8:18staitisticí ar mhionteangacha ar Twitter
ar fud an domhain. -
8:19 - 8:23Déantar tagairt do chuid mhór de na
teangacha a líostaítear ar an suíomh seo -
8:23 - 8:27mar theangacha seanchaite nó mar
theangacha atá ag dul in éag. -
8:27 - 8:30Ach is amhlaidh go léiríonn
na staitisticí scéal -
8:30 - 8:33nach ionann leis sin in aon chor.
-
8:33 - 8:36Taispeánann siad fírinne a
bhréagnaíonn an miotas. -
8:42 - 8:44Agus seo mar a chreidim gur féidir leis
-
8:44 - 8:47an teicneolaíocht agus mionteangacha
maireachtáil in éineacht le chéile. -
8:48 - 8:52Creidim go mór go bhféidir
leis an teicneolaíocht -
8:52 - 8:55a bheith mar dhála rannchuiditheach
-
8:55 - 8:58i slánú mionteangacha, agus b’fhéidir
-
8:58 - 9:02i gcásanna áirithe faoi leith,
in athbheochan mionteangacha. -
9:04 - 9:07Mar sin, cad é teagasc an scéil seo?
-
9:08 - 9:11Ná clois gach scéal a gcloisfidh tú,
-
9:11 - 9:13mar b’fhéidir nach bhfuil
ann ach finscéal. -
9:13 - 9:16(Bualadh bos)
- Title:
- An dóigh a dtugann na meáin shóisialta beocht do mhiontheangacha | Teresa Lynn | TEDxFulbrightDublin
- Description:
-
Tugadh an chaint seo ag imeacht TEDx ar úsáideadh formáid chomhdháil TED ann ach eagraíodh é go neamhspleách ag pobal áitiúil.
Tuilleadh eolais ag http://ted.com/tedx
Sa chaint seo, pléann an Dr. Teresa Lynn usáid na Gaeilge ar Twitter agus an tábhacht atá ag na meáin shóisialta maidir le miontheangacha.
Is Taighdeoir Iardhochtúireachta í an Dr. Teresa Lynn ag an Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Chríochnaigh sí a PhD trí chomhaontú cotutelle idir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (Éire) agus Ollscoil Macquarie Sydney (An Astráil) ina ndearna sí iniúchadh ar pharsáil don Ghaeilge. Chruthaigh sí an chéád chorpas comhréireach anótáilte (banc téacs parsála) don Ghaeilge agus leis sin, d’oil sí an chéad leagan staitisiúil de ríomhpharsáil don Ghaeilge a thig leis comhréir abairtí Gaeilge a aimsiú. Ba Dhámhachtaí Fulbright-Enterprise Ireland í i 2014-2015 agus chaith sí tréimhse in Ollscoil St Louis, Missouri ag obair leis an Ollamh Kevin Scannell ar anailís uathoibrithe de tweetanna Gaeilge. - Video Language:
- English
- Team:
- closed TED
- Project:
- TEDxTalks
- Duration:
- 09:27