Tráthnóinín déanach ’s mé dul a’ bhálcaoreacht Sea do dhearcas an spéirbhean a’ caoi Airiú, d’fhiosraíosa féin di - gur labhair sí a scéal liom Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí A’s a mhúirnín donn dílis, suigh anso taobh liom Agus aithris dom scéala ar t’aois A cúig a’s a sé a’s a’ sárú dhá naoi Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí Táim chomh cortha ó bheith im’ aonar im’ luí Dá bhfaighinnse ógánach éigin do thógfadh gan spré mé A’s go mbeinnse ’ge féinig mar mhnaoi Ní chéilfinnse ar éinne é ’s do neosfainn don saol é Go bhfuilim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí Go bhfuilim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí Tá róisín breá néata sa gháirdín seo taobh linne Á, baineam a’s déanam é fhí Mar is ró-ghearr ’na dhiaidh san go mbeadh sé ró-thraochta Leis a naoi bhíodh ná h-aonar na luí, na luí Leis a naoi bhíodh ná h-aonar na luí