Tráthnóinín déanach ’s mé dul a’ bhálcaoreacht
Sea do dhearcas an spéirbhean a’ caoi
Airiú, d’fhiosraíosa féin di - gur labhair sí a scéal liom
Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí
Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí
A’s a mhúirnín donn dílis,
suigh anso taobh liom
Agus aithris dom scéala ar t’aois
A cúig a’s a sé a’s a’ sárú dhá naoi
Táim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí
Táim chomh cortha ó bheith im’ aonar im’ luí
Dá bhfaighinnse ógánach éigin do thógfadh gan spré mé
A’s go mbeinnse ’ge féinig mar mhnaoi
Ní chéilfinnse ar éinne é ’s do neosfainn don saol é
Go bhfuilim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí, im luí
Go bhfuilim cortha ó bheith im’ aonar im’ luí
Tá róisín breá néata sa gháirdín seo taobh linne
Á, baineam a’s déanam é fhí
Mar is ró-ghearr ’na dhiaidh san go mbeadh sé ró-thraochta
Leis a naoi bhíodh ná h-aonar na luí, na luí
Leis a naoi bhíodh ná h-aonar na luí