WEBVTT 00:00:00.420 --> 00:00:04.660 Uirlis shaor in aisce is ea Google Translate a chuireann ar do chumas abairtí, doiciméid, agus fiú 00:00:04.660 --> 00:00:07.680 láithreáin Ghréasáin iomlána a aistriú ar an toirt. 00:00:07.680 --> 00:00:12.099 Ach conas mar a oibríonn sé? Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go bhfuil lán seomra de shíogaithe 00:00:12.099 --> 00:00:17.470 dátheangacha i mbun oibre dúinn, is ó ríomhairí a thagann ár n-aistriúcháin ar fad. Úsáideann na ríomhairí 00:00:17.470 --> 00:00:22.520 seo próiseas ar a dtugtar "aistriúchán uathoibríoch staitistiúil" - níl ansin ach bealach gleoite lena rá 00:00:22.520 --> 00:00:25.439 go ngineann ár gcuid ríomhairí aistriúcháin bunaithe ar phatrúin a fhaightear i méid mór téacs. 00:00:25.439 --> 00:00:30.539 Ach seasaimis siar. Más mian leat teanga nua a mhúineadh do dhuine éigin, d'fhéadfá tosú trí fhocail ón bhfoclóir 00:00:30.539 --> 00:00:34.809 a mhúineadh dóibh, chomh maith le rialacha gramadaí a mhíníonn conas abairtí a chur le chéile. Is féidir le 00:00:34.809 --> 00:00:39.909 ríomhaire teanga iasachta a fhoghlaim ar an gcaoi chéanna - trí fhoclóir agus 00:00:39.909 --> 00:00:42.379 rialacha a cheadú. 00:00:42.379 --> 00:00:46.309 Ach tá teangacha casta, agus, mar a mhíneoidh aon fhoghlaimeoir teanga duit, bíonn eisceachtaí ag baint 00:00:46.309 --> 00:00:51.679 le beagnach gach riail. Nuair a dhéantar iarracht na heisceachtaí sin ar fad, mar aon le heisceachtaí a 00:00:51.679 --> 00:00:55.239 bhaineann leis na heisceachtaí, a chur san áireamh i ríomhchlár, is chun donais a théann 00:00:55.239 --> 00:00:57.239 caighdeán an aistriúcháin. 00:00:57.239 --> 00:01:01.779 Tá cur chuige difriúil ag Google Translate. Ní dhéanaimid iarracht na rialacha ar fad a bhaineann le 00:01:01.779 --> 00:01:07.060 teanga ar leith a mhúineadh d'ár gcuid ríomhairí, ach ligeann muid d'ár ríomhairí na rialacha sin a fhoghlaim 00:01:07.060 --> 00:01:10.619 as a stuaim féin. Déanann siad é seo trí ainilís a dhéanamh ar na milliúin agus na milliúin doiciméad atá 00:01:10.619 --> 00:01:17.259 aistrithe ag daoine cheana féin. Tagann na téacsanna aistrithe seo ó leabhair, ó eagraíochtaí ar nós na 00:01:17.259 --> 00:01:19.950 Náisiúin Aontaithe agus ó láithreáin Ghréasáin ar fud an domhain. 00:01:19.950 --> 00:01:23.810 Deanann ár ríomhairí na téacsanna seo a scanadh chun patrúin shuntasacha staitistiúla a chuardach - is 00:01:23.810 --> 00:01:27.969 é sin le rá, patrúin idir na t-aistriúchán agus an téacs bunaidh ar dócha nach trí sheans a bhfuil siad 00:01:27.969 --> 00:01:33.829 ann. Nuair a aimsíonn an ríomhaire patrún, is féidir leis an patrún sin a úsáid chun téacsanna cosúla a 00:01:33.829 --> 00:01:38.710 aistriú sa todhchaí. Nuair a chuirtear an próiseas seo i bhfeidhm arís is arís eile aimsítear na 00:01:38.710 --> 00:01:43.700 billiúin patrún agus cruthaítear ríomhchlár amháin atá an-chliste ar fad. 00:01:43.700 --> 00:01:48.399 I gcás roinnt teangacha, áfach, níl an oiread sin doiciméad aistrithe ar fáil agus mar sin 00:01:48.399 --> 00:01:53.049 ní aimsíonn ár gcuid bogearraí an oiread patrún. Sin é an fáth nach ionann cáilíocht ár gcuid 00:01:53.049 --> 00:01:58.479 aistriúcháin i gcás gach teanga agus gach péire teanga. Tá a fhios againn nach bhfuil ár 00:01:58.479 --> 00:02:03.240 n-aistriúcháin foirfe i gcónaí ach trí théacsanna aistrithe nua a chur ar fáil de shíor déanaimid ár 00:02:03.240 --> 00:02:05.539 ríomhairí níos cliste agus ár n-aistriúcháin níos fearr. 00:02:05.539 --> 00:02:09.670 Mar sin, an chéad uair eile a aistreoidh tú abairt nó leathanach Gréasáin le Google Translate, smaoinigh 00:02:09.670 --> 00:02:15.349 ar na milliúin doiciméad agus na billiúin patrún sin a thug chuig d'aistriúchán féin muid ar deireadh 00:02:15.349 --> 00:02:17.650 - agus tharla sé uile i bhfaiteadh na súl. 00:02:17.650 --> 00:02:19.260 Nach iontach an rud é sin? 00:02:19.260 --> 99:59:59.999 Bain triail as ag translate.google.com.