Uirlis shaor in aisce is ea Google Translate a chuireann ar do chumas abairtí, doiciméid, agus fiú láithreáin Ghréasáin iomlána a aistriú ar an toirt. Ach conas mar a oibríonn sé? Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go bhfuil lán seomra de shíogaithe dátheangacha i mbun oibre dúinn, is ó ríomhairí a thagann ár n-aistriúcháin ar fad. Úsáideann na ríomhairí seo próiseas ar a dtugtar "aistriúchán uathoibríoch staitistiúil" - níl ansin ach bealach gleoite lena rá go ngineann ár gcuid ríomhairí aistriúcháin bunaithe ar phatrúin a fhaightear i méid mór téacs. Ach seasaimis siar. Más mian leat teanga nua a mhúineadh do dhuine éigin, d'fhéadfá tosú trí fhocail ón bhfoclóir a mhúineadh dóibh, chomh maith le rialacha gramadaí a mhíníonn conas abairtí a chur le chéile. Is féidir le ríomhaire teanga iasachta a fhoghlaim ar an gcaoi chéanna - trí fhoclóir agus rialacha a cheadú. Ach tá teangacha casta, agus, mar a mhíneoidh aon fhoghlaimeoir teanga duit, bíonn eisceachtaí ag baint le beagnach gach riail. Nuair a dhéantar iarracht na heisceachtaí sin ar fad, mar aon le heisceachtaí a bhaineann leis na heisceachtaí, a chur san áireamh i ríomhchlár, is chun donais a théann caighdeán an aistriúcháin. Tá cur chuige difriúil ag Google Translate. Ní dhéanaimid iarracht na rialacha ar fad a bhaineann le teanga ar leith a mhúineadh d'ár gcuid ríomhairí, ach ligeann muid d'ár ríomhairí na rialacha sin a fhoghlaim as a stuaim féin. Déanann siad é seo trí ainilís a dhéanamh ar na milliúin agus na milliúin doiciméad atá aistrithe ag daoine cheana féin. Tagann na téacsanna aistrithe seo ó leabhair, ó eagraíochtaí ar nós na Náisiúin Aontaithe agus ó láithreáin Ghréasáin ar fud an domhain. Deanann ár ríomhairí na téacsanna seo a scanadh chun patrúin shuntasacha staitistiúla a chuardach - is é sin le rá, patrúin idir na t-aistriúchán agus an téacs bunaidh ar dócha nach trí sheans a bhfuil siad ann. Nuair a aimsíonn an ríomhaire patrún, is féidir leis an patrún sin a úsáid chun téacsanna cosúla a aistriú sa todhchaí. Nuair a chuirtear an próiseas seo i bhfeidhm arís is arís eile aimsítear na billiúin patrún agus cruthaítear ríomhchlár amháin atá an-chliste ar fad. I gcás roinnt teangacha, áfach, níl an oiread sin doiciméad aistrithe ar fáil agus mar sin ní aimsíonn ár gcuid bogearraí an oiread patrún. Sin é an fáth nach ionann cáilíocht ár gcuid aistriúcháin i gcás gach teanga agus gach péire teanga. Tá a fhios againn nach bhfuil ár n-aistriúcháin foirfe i gcónaí ach trí théacsanna aistrithe nua a chur ar fáil de shíor déanaimid ár ríomhairí níos cliste agus ár n-aistriúcháin níos fearr. Mar sin, an chéad uair eile a aistreoidh tú abairt nó leathanach Gréasáin le Google Translate, smaoinigh ar na milliúin doiciméad agus na billiúin patrún sin a thug chuig d'aistriúchán féin muid ar deireadh - agus tharla sé uile i bhfaiteadh na súl. Nach iontach an rud é sin? Bain triail as ag translate.google.com.