[Script Info] Title: [Events] Format: Layer, Start, End, Style, Name, MarginL, MarginR, MarginV, Effect, Text Dialogue: 0,0:00:00.42,0:00:04.66,Default,,0000,0000,0000,,Uirlis shaor in aisce is ea Google Translate a chuireann ar do chumas abairtí, doiciméid, agus fiú Dialogue: 0,0:00:04.66,0:00:07.68,Default,,0000,0000,0000,,láithreáin Ghréasáin iomlána a aistriú ar an toirt. Dialogue: 0,0:00:07.68,0:00:12.10,Default,,0000,0000,0000,,Ach conas mar a oibríonn sé? Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go bhfuil lán seomra de shíogaithe Dialogue: 0,0:00:12.10,0:00:17.47,Default,,0000,0000,0000,,dátheangacha i mbun oibre dúinn, is ó ríomhairí a thagann ár n-aistriúcháin ar fad. Úsáideann na ríomhairí Dialogue: 0,0:00:17.47,0:00:22.52,Default,,0000,0000,0000,,seo próiseas ar a dtugtar "aistriúchán uathoibríoch staitistiúil" - níl ansin ach bealach gleoite lena rá Dialogue: 0,0:00:22.52,0:00:25.44,Default,,0000,0000,0000,,go ngineann ár gcuid ríomhairí aistriúcháin bunaithe ar phatrúin a fhaightear i méid mór téacs. Dialogue: 0,0:00:25.44,0:00:30.54,Default,,0000,0000,0000,,Ach seasaimis siar. Más mian leat teanga nua a mhúineadh do dhuine éigin, d'fhéadfá tosú trí fhocail ón bhfoclóir Dialogue: 0,0:00:30.54,0:00:34.81,Default,,0000,0000,0000,,a mhúineadh dóibh, chomh maith le rialacha gramadaí a mhíníonn conas abairtí a chur le chéile. Is féidir le Dialogue: 0,0:00:34.81,0:00:39.91,Default,,0000,0000,0000,,ríomhaire teanga iasachta a fhoghlaim ar an gcaoi chéanna - trí fhoclóir agus Dialogue: 0,0:00:39.91,0:00:42.38,Default,,0000,0000,0000,,rialacha a cheadú. Dialogue: 0,0:00:42.38,0:00:46.31,Default,,0000,0000,0000,,Ach tá teangacha casta, agus, mar a mhíneoidh aon fhoghlaimeoir teanga duit, bíonn eisceachtaí ag baint Dialogue: 0,0:00:46.31,0:00:51.68,Default,,0000,0000,0000,,le beagnach gach riail. Nuair a dhéantar iarracht na heisceachtaí sin ar fad, mar aon le heisceachtaí a Dialogue: 0,0:00:51.68,0:00:55.24,Default,,0000,0000,0000,,bhaineann leis na heisceachtaí, a chur san áireamh i ríomhchlár, is chun donais a théann Dialogue: 0,0:00:55.24,0:00:57.24,Default,,0000,0000,0000,,caighdeán an aistriúcháin. Dialogue: 0,0:00:57.24,0:01:01.78,Default,,0000,0000,0000,,Tá cur chuige difriúil ag Google Translate. Ní dhéanaimid iarracht na rialacha ar fad a bhaineann le Dialogue: 0,0:01:01.78,0:01:07.06,Default,,0000,0000,0000,,teanga ar leith a mhúineadh d'ár gcuid ríomhairí, ach ligeann muid d'ár ríomhairí na rialacha sin a fhoghlaim Dialogue: 0,0:01:07.06,0:01:10.62,Default,,0000,0000,0000,,as a stuaim féin. Déanann siad é seo trí ainilís a dhéanamh ar na milliúin agus na milliúin doiciméad atá Dialogue: 0,0:01:10.62,0:01:17.26,Default,,0000,0000,0000,,aistrithe ag daoine cheana féin. Tagann na téacsanna aistrithe seo ó leabhair, ó eagraíochtaí ar nós na Dialogue: 0,0:01:17.26,0:01:19.95,Default,,0000,0000,0000,,Náisiúin Aontaithe agus ó láithreáin Ghréasáin ar fud an domhain. Dialogue: 0,0:01:19.95,0:01:23.81,Default,,0000,0000,0000,,Deanann ár ríomhairí na téacsanna seo a scanadh chun patrúin shuntasacha staitistiúla a chuardach - is Dialogue: 0,0:01:23.81,0:01:27.97,Default,,0000,0000,0000,,é sin le rá, patrúin idir na t-aistriúchán agus an téacs bunaidh ar dócha nach trí sheans a bhfuil siad Dialogue: 0,0:01:27.97,0:01:33.83,Default,,0000,0000,0000,,ann. Nuair a aimsíonn an ríomhaire patrún, is féidir leis an patrún sin a úsáid chun téacsanna cosúla a Dialogue: 0,0:01:33.83,0:01:38.71,Default,,0000,0000,0000,,aistriú sa todhchaí. Nuair a chuirtear an próiseas seo i bhfeidhm arís is arís eile aimsítear na Dialogue: 0,0:01:38.71,0:01:43.70,Default,,0000,0000,0000,,billiúin patrún agus cruthaítear ríomhchlár amháin atá an-chliste ar fad. Dialogue: 0,0:01:43.70,0:01:48.40,Default,,0000,0000,0000,,I gcás roinnt teangacha, áfach, níl an oiread sin doiciméad aistrithe ar fáil agus mar sin Dialogue: 0,0:01:48.40,0:01:53.05,Default,,0000,0000,0000,,ní aimsíonn ár gcuid bogearraí an oiread patrún. Sin é an fáth nach ionann cáilíocht ár gcuid Dialogue: 0,0:01:53.05,0:01:58.48,Default,,0000,0000,0000,,aistriúcháin i gcás gach teanga agus gach péire teanga. Tá a fhios againn nach bhfuil ár Dialogue: 0,0:01:58.48,0:02:03.24,Default,,0000,0000,0000,,n-aistriúcháin foirfe i gcónaí ach trí théacsanna aistrithe nua a chur ar fáil de shíor déanaimid ár Dialogue: 0,0:02:03.24,0:02:05.54,Default,,0000,0000,0000,,ríomhairí níos cliste agus ár n-aistriúcháin níos fearr. Dialogue: 0,0:02:05.54,0:02:09.67,Default,,0000,0000,0000,,Mar sin, an chéad uair eile a aistreoidh tú abairt nó leathanach Gréasáin le Google Translate, smaoinigh Dialogue: 0,0:02:09.67,0:02:15.35,Default,,0000,0000,0000,,ar na milliúin doiciméad agus na billiúin patrún sin a thug chuig d'aistriúchán féin muid ar deireadh Dialogue: 0,0:02:15.35,0:02:17.65,Default,,0000,0000,0000,,- agus tharla sé uile i bhfaiteadh na súl. Dialogue: 0,0:02:17.65,0:02:19.26,Default,,0000,0000,0000,,Nach iontach an rud é sin? Dialogue: 0,0:02:19.26,9:59:59.99,Default,,0000,0000,0000,,Bain triail as ag translate.google.com.