1 00:00:00,420 --> 00:00:04,660 Uirlis shaor in aisce is ea Google Translate a chuireann ar do chumas abairtí, doiciméid, agus fiú 2 00:00:04,660 --> 00:00:07,680 láithreáin Ghréasáin iomlána a aistriú ar an toirt. 3 00:00:07,680 --> 00:00:12,099 Ach conas mar a oibríonn sé? Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go bhfuil lán seomra de shíogaithe 4 00:00:12,099 --> 00:00:17,470 dátheangacha i mbun oibre dúinn, is ó ríomhairí a thagann ár n-aistriúcháin ar fad. Úsáideann na ríomhairí 5 00:00:17,470 --> 00:00:22,520 seo próiseas ar a dtugtar "aistriúchán uathoibríoch staitistiúil" - níl ansin ach bealach gleoite lena rá 6 00:00:22,520 --> 00:00:25,439 go ngineann ár gcuid ríomhairí aistriúcháin bunaithe ar phatrúin a fhaightear i méid mór téacs. 7 00:00:25,439 --> 00:00:30,539 Ach seasaimis siar. Más mian leat teanga nua a mhúineadh do dhuine éigin, d'fhéadfá tosú trí fhocail ón bhfoclóir 8 00:00:30,539 --> 00:00:34,809 a mhúineadh dóibh, chomh maith le rialacha gramadaí a mhíníonn conas abairtí a chur le chéile. Is féidir le 9 00:00:34,809 --> 00:00:39,909 ríomhaire teanga iasachta a fhoghlaim ar an gcaoi chéanna - trí fhoclóir agus 10 00:00:39,909 --> 00:00:42,379 rialacha a cheadú. 11 00:00:42,379 --> 00:00:46,309 Ach tá teangacha casta, agus, mar a mhíneoidh aon fhoghlaimeoir teanga duit, bíonn eisceachtaí ag baint 12 00:00:46,309 --> 00:00:51,679 le beagnach gach riail. Nuair a dhéantar iarracht na heisceachtaí sin ar fad, mar aon le heisceachtaí a 13 00:00:51,679 --> 00:00:55,239 bhaineann leis na heisceachtaí, a chur san áireamh i ríomhchlár, is chun donais a théann 14 00:00:55,239 --> 00:00:57,239 caighdeán an aistriúcháin. 15 00:00:57,239 --> 00:01:01,779 Tá cur chuige difriúil ag Google Translate. Ní dhéanaimid iarracht na rialacha ar fad a bhaineann le 16 00:01:01,779 --> 00:01:07,060 teanga ar leith a mhúineadh d'ár gcuid ríomhairí, ach ligeann muid d'ár ríomhairí na rialacha sin a fhoghlaim 17 00:01:07,060 --> 00:01:10,619 as a stuaim féin. Déanann siad é seo trí ainilís a dhéanamh ar na milliúin agus na milliúin doiciméad atá 18 00:01:10,619 --> 00:01:17,259 aistrithe ag daoine cheana féin. Tagann na téacsanna aistrithe seo ó leabhair, ó eagraíochtaí ar nós na 19 00:01:17,259 --> 00:01:19,950 Náisiúin Aontaithe agus ó láithreáin Ghréasáin ar fud an domhain. 20 00:01:19,950 --> 00:01:23,810 Deanann ár ríomhairí na téacsanna seo a scanadh chun patrúin shuntasacha staitistiúla a chuardach - is 21 00:01:23,810 --> 00:01:27,969 é sin le rá, patrúin idir na t-aistriúchán agus an téacs bunaidh ar dócha nach trí sheans a bhfuil siad 22 00:01:27,969 --> 00:01:33,829 ann. Nuair a aimsíonn an ríomhaire patrún, is féidir leis an patrún sin a úsáid chun téacsanna cosúla a 23 00:01:33,829 --> 00:01:38,710 aistriú sa todhchaí. Nuair a chuirtear an próiseas seo i bhfeidhm arís is arís eile aimsítear na 24 00:01:38,710 --> 00:01:43,700 billiúin patrún agus cruthaítear ríomhchlár amháin atá an-chliste ar fad. 25 00:01:43,700 --> 00:01:48,399 I gcás roinnt teangacha, áfach, níl an oiread sin doiciméad aistrithe ar fáil agus mar sin 26 00:01:48,399 --> 00:01:53,049 ní aimsíonn ár gcuid bogearraí an oiread patrún. Sin é an fáth nach ionann cáilíocht ár gcuid 27 00:01:53,049 --> 00:01:58,479 aistriúcháin i gcás gach teanga agus gach péire teanga. Tá a fhios againn nach bhfuil ár 28 00:01:58,479 --> 00:02:03,240 n-aistriúcháin foirfe i gcónaí ach trí théacsanna aistrithe nua a chur ar fáil de shíor déanaimid ár 29 00:02:03,240 --> 00:02:05,539 ríomhairí níos cliste agus ár n-aistriúcháin níos fearr. 30 00:02:05,539 --> 00:02:09,670 Mar sin, an chéad uair eile a aistreoidh tú abairt nó leathanach Gréasáin le Google Translate, smaoinigh 31 00:02:09,670 --> 00:02:15,349 ar na milliúin doiciméad agus na billiúin patrún sin a thug chuig d'aistriúchán féin muid ar deireadh 32 00:02:15,349 --> 00:02:17,650 - agus tharla sé uile i bhfaiteadh na súl. 33 00:02:17,650 --> 00:02:19,260 Nach iontach an rud é sin? 34 00:02:19,260 --> 99:59:59,999 Bain triail as ag translate.google.com.