0:00:00.420,0:00:04.660 Uirlis shaor in aisce is ea Google Translate a chuireann ar do chumas abairtí, doiciméid, agus fiú 0:00:04.660,0:00:07.680 láithreáin Ghréasáin iomlána a aistriú ar an toirt. 0:00:07.680,0:00:12.099 Ach conas mar a oibríonn sé? Cé go bhféadfadh an cuma a bheith ar an scéal go bhfuil lán seomra de shíogaithe 0:00:12.099,0:00:17.470 dátheangacha i mbun oibre dúinn, is ó ríomhairí a thagann ár n-aistriúcháin ar fad. Úsáideann na ríomhairí 0:00:17.470,0:00:22.520 seo próiseas ar a dtugtar "aistriúchán uathoibríoch staitistiúil" - níl ansin ach bealach gleoite lena rá 0:00:22.520,0:00:25.439 go ngineann ár gcuid ríomhairí aistriúcháin bunaithe ar phatrúin a fhaightear i méid mór téacs. 0:00:25.439,0:00:30.539 Ach seasaimis siar. Más mian leat teanga nua a mhúineadh do dhuine éigin, d'fhéadfá tosú trí fhocail ón bhfoclóir 0:00:30.539,0:00:34.809 a mhúineadh dóibh, chomh maith le rialacha gramadaí a mhíníonn conas abairtí a chur le chéile. Is féidir le 0:00:34.809,0:00:39.909 ríomhaire teanga iasachta a fhoghlaim ar an gcaoi chéanna - trí fhoclóir agus 0:00:39.909,0:00:42.379 rialacha a cheadú. 0:00:42.379,0:00:46.309 Ach tá teangacha casta, agus, mar a mhíneoidh aon fhoghlaimeoir teanga duit, bíonn eisceachtaí ag baint 0:00:46.309,0:00:51.679 le beagnach gach riail. Nuair a dhéantar iarracht na heisceachtaí sin ar fad, mar aon le heisceachtaí a 0:00:51.679,0:00:55.239 bhaineann leis na heisceachtaí, a chur san áireamh i ríomhchlár, is chun donais a théann 0:00:55.239,0:00:57.239 caighdeán an aistriúcháin. 0:00:57.239,0:01:01.779 Tá cur chuige difriúil ag Google Translate. Ní dhéanaimid iarracht na rialacha ar fad a bhaineann le 0:01:01.779,0:01:07.060 teanga ar leith a mhúineadh d'ár gcuid ríomhairí, ach ligeann muid d'ár ríomhairí na rialacha sin a fhoghlaim 0:01:07.060,0:01:10.619 as a stuaim féin. Déanann siad é seo trí ainilís a dhéanamh ar na milliúin agus na milliúin doiciméad atá 0:01:10.619,0:01:17.259 aistrithe ag daoine cheana féin. Tagann na téacsanna aistrithe seo ó leabhair, ó eagraíochtaí ar nós na 0:01:17.259,0:01:19.950 Náisiúin Aontaithe agus ó láithreáin Ghréasáin ar fud an domhain. 0:01:19.950,0:01:23.810 Deanann ár ríomhairí na téacsanna seo a scanadh chun patrúin shuntasacha staitistiúla a chuardach - is 0:01:23.810,0:01:27.969 é sin le rá, patrúin idir na t-aistriúchán agus an téacs bunaidh ar dócha nach trí sheans a bhfuil siad 0:01:27.969,0:01:33.829 ann. Nuair a aimsíonn an ríomhaire patrún, is féidir leis an patrún sin a úsáid chun téacsanna cosúla a 0:01:33.829,0:01:38.710 aistriú sa todhchaí. Nuair a chuirtear an próiseas seo i bhfeidhm arís is arís eile aimsítear na 0:01:38.710,0:01:43.700 billiúin patrún agus cruthaítear ríomhchlár amháin atá an-chliste ar fad. 0:01:43.700,0:01:48.399 I gcás roinnt teangacha, áfach, níl an oiread sin doiciméad aistrithe ar fáil agus mar sin 0:01:48.399,0:01:53.049 ní aimsíonn ár gcuid bogearraí an oiread patrún. Sin é an fáth nach ionann cáilíocht ár gcuid 0:01:53.049,0:01:58.479 aistriúcháin i gcás gach teanga agus gach péire teanga. Tá a fhios againn nach bhfuil ár 0:01:58.479,0:02:03.240 n-aistriúcháin foirfe i gcónaí ach trí théacsanna aistrithe nua a chur ar fáil de shíor déanaimid ár 0:02:03.240,0:02:05.539 ríomhairí níos cliste agus ár n-aistriúcháin níos fearr. 0:02:05.539,0:02:09.670 Mar sin, an chéad uair eile a aistreoidh tú abairt nó leathanach Gréasáin le Google Translate, smaoinigh 0:02:09.670,0:02:15.349 ar na milliúin doiciméad agus na billiúin patrún sin a thug chuig d'aistriúchán féin muid ar deireadh 0:02:15.349,0:02:17.650 - agus tharla sé uile i bhfaiteadh na súl. 0:02:17.650,0:02:19.260 Nach iontach an rud é sin? 0:02:19.260,9:59:59.000 Bain triail as ag translate.google.com.