Ceithre bliana ón lá inniu, mar a tharlaíonn sé,
bhunaigh mé blag faisean dár teideal Style Rookie.
Meán Fomhair seo caite, i 2011, bhunaigh mé iris ar líne
dírithe ar chailiní sna déagóirí dár teideal rookiemag.com
Tavi Gevinson is ainm dom, agus
is é teideal na hóráide seo ná "Fós ag Iarraidh é a Oibrigh Amach"
agus ba chinneadh cruthaitheach amach is amach é
MS Peint a úsáid ar mo shleamhnáin, chun cloí le téama an lae,
agus níl sé fíor nach féidir liom
PowerPoint a úsáid. (Gáire)
Cuirim an suíomh do chailiní sna déagoirí seo in eagar. Is feimineach mé.
Is cineál neird an chultúir pobail mé, agus smaoiním go minic ar
cad is carachtar baineann atá láidir ann,
agus, bíonn tionchar ag
scannáin agus ag cláir teilifíse. Mó shuíomh idirlíne féin.
Mar sin, ceapaim nach bhfuil freagair ró-shoiléir ar an gceist
"Cad is carachtar baininscneach atá láidir ann?"
agus mar fhreagra, faighimid na spéirmná follasacha seo
a bhfuil tréith amháin acu a chuirtear chun tosaigh é,
carachtair cosúil le Catwoman
a chuireann a cuid collaíochta chun tosaigh,
agus feictear ar sin mar chumhacht.
Ach ní carachtair láidir iad atá bainscneach i chomh maith,
tá siad go hiomlán lom,
agus is carachtair aontaobhacha iad don chuid is mó.
Is é an fhadhb atá le seo ná
go gcreideann daoine ansin go bhfuil sé chomh éasca sin mná a thuiscint
agus braitheann mná feargach orthu féin
ós rud é nach bhfuil siad chomh shimplí sin,
nuair, mar a tharlaíonn sé, tá mná casta,
tá mná iltaobhacha -- ní go bhfuil mná ar mire
ach bíonn daoine ar mire,
agus is daoine iad mná. (Gáire)
Mar sin, is iad na lochtanna na gnéithe is tábhachtaí.
Nílim an chéad duine chun é seo a rá.
Is é atá taobh thiar don charachtar bainiscneach atá láidir
ná carachtar a bhfuil laige aici, a bhfuil lochtanna aici,
duine nach dtaithníonn sí leat i dtús,
ach is féidir í a thuiscint ag an deireadh.
Ní mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhadhb seo
gan dóibh siúd a obríonn chun é a réiteach a luath,
mar sin, ba mhaith liom cláir cosúil le "Mad Men" a luath,
scannáin cosúil le "Bridemaids" a bhfuil carachtair baininscneacha
nó príomhcharachtair atá casta, iltaobhacha le fáil iontu.
Lena Dunham, atá ar fáil anseo, a clár ar HBO
"Girls," a thosaíonn an mhí seo chugainn,
dúirt sí gur theastaigh uaithi an clár a chruthú mar bhraith sí
gur mhéascan do chosarsnachtaí ab ea gach bean a raibh aithne aici uirthi,
agus tá sé sin fíor do gach duine,
ach ní fhaigheann tú an léargas sin ar mhná.
Comhghairdeachas, a chairde.
Ach ní bhraithim é sin - Braithim go bhfuil grupaí ban ann
nár chuirtear ós ár gcomhair sa tslí sin
agus dirímid isteach ar dhéagoirí inniu,
mar ceapaim go bhfuil déagóirí líon lán le codarsnachtaí
agus go bhfuil siad ag iarraidh gach rud a oibrigh amach,
agus sna 90idí bhí "Freaks and Geeks" againn
agus "My So-Called Life" agus a gcarachtair againn,
Lindsay Weir agus Angela Chase, againn
Ba é bunchloch na gclár seo ná
na daoine a bhí ag iarraidh iad féin a oibrigh amach, a bheag nó a mhór,
ach níor mhair na cláir seo ach ar feadh sraith amháin
ach ní fhaca mé aon rud mar sin ar an teilifís go dtí seo.
Anois, seo léaráid eolaíoch don inchinn agam - (Gáire)
ón uair nuair a bhíos,
nuair a thosnaíos ag féachaint ar na cláir seo.
Bhí an scoil mhéanach ag teacht chun deireadh, bhíos ag tosnú san ardscoil --
Is sofamór anois mé
agus bhíos ag iarraidh tabhairt chun réiteach
na codarsnachtaí a deirtear leat nach féidir iad a réitiú
nuair a fhásann tú aníos mar chailín.
Ní féidir bheith eirimiúil agus dathúil
Ní féidir bheith i do fheimineach a bhfuil suim agat san fhaisean.
Ní féidir suim a bheith agat in éadaí nuair is cuma leat
cad a cheapann daoine eile, fir ach go háirithe, fút.
Bhíos ag iarraidh an méid sin a thabhairt chun réiteach
agus bhí beagánín mearbhall orm,
agus dúirt mé é sin ar mo bhlag,
agus dúirt mé gur theastaigh uaim
suíomh idirlíne dírithe ar chailíní sna déagóirí a bhunú
agus níor bhain sé seo
le cumhacht an charachtair láidre aontaobhacha
mar ceapaim go gcuirfeadh misthuiscint áirithe
faoin fheimineachas as do dhaoine nuair a chreideann
cailiní, chun a bheith in bhfeiminigh, go gcaithfidh siad
cloí go dlúth lena gcuid prionsabail,
agus nach bhfuil cead acu beith neamhchinnte, amhrasach,
go caithfidh na freagraí ar fad a bheith acu. Agus níl sé sin fíor,
agus bhí sé níos éasca na codarsnachtaí seo a réitiú
nuair a thuigeas ní leabair rialacha í an fheimineachas
ach plé,
comhrá, próiseas,
agus seo sliocht as zín a rinne mé an bhliain seo caite
nuair a -- Tá meath tagtha
ar mo scileanna léaráide ón uair sin.
Ach pé scéal é.
Dúirt mé ar mo bhlag gur theastaigh uaim an fhoilseachán seo a chur le chéile
do chailiní sna déagóirí agus d'iarr mé ar dhaoine a gcuid scríbhneoireachta, grianghraifadóireachta,
cibé rud, a thabhairt isteacht, chun a bheith ina
bhall don fhoireann.
Fuaireas tuairim is 3,000 rphoist.
Chuaigh mé agus mo stúirtheoir eagarthóireachta tríd agus
chuireamar foireann le chéile,
agus d'fhoilsíomar don chéad uair an Mhéan Fomhair seo caite.
Agus seo sliocht as an chéad litir eagarthóra a scríobh mé
nuair a deirim nach bhfuil na freagraí ar fad ag Rookie.
go bhfuilimid fós ag iarraidh gach rud a oibrigh amach freisin, ach níl sé mar aidhm againn
na freagraí a thabhairt do chailíní, agus ní chun cead a thabhairt dóibh fiú
chun freagraí a fháil dóibh féin,
ach iad a spreagadh chun go dtuigfidh siad
gur féidir leo an cead sin a thabhairt dóibh féin,
gur féidir leo a gceisteanna féin a chur, a bhfreagraí féin a aimsiú,
agus ceapaim go bhfuil iarracht déanta ag Rookie
spás deas a chruthú chun gach rud a oibriú amach.
Nílimid ag rá 'Bí ar nós linne",
agus "Is eiseamláirÍ foirfe muid," mar níl muid,
ach ba mhaith linn cailiní a léiriú
ar bhealaí a leiríonn na taobhacha éagsúla seo.
Mar shampla, tá ailt againn dár teideal
"Ag Caint go Dáiríre: Conas neamhaird a thabhairt ar thuairimí Einne Eile"'
ach tá ailt eile againn, mar shampla,
oops -- táim ag iarraidh é a oibriú amach!
Ha ha. (Gáire)
Má úsáideann tú an líne sin, tá leithscéal agat do gach rud.
Tá ailt againn dár teideal
"Conas a Chuir in Iúl Nach Raibh tú ag Gol Cúig Nóiméad ó shin.
Agus an méid sin ráite, is ábhar sásaimh do
iad na carachtair i scannáin agus
in ailt mar sin ar ár suíomh,
nach mbaineann leis an gcumhacht amháin,
ach a bhaineann le féinghlacadh chomh maith
agus le féinmheas agus le do lochtanna agus conas iad a ghlacadh.
Ba mhaith liom dá nglacfadh sibh an chomhairle seo ón óraid,
ceacht an lae, ná bí Stevie Nicks.
Sin a bhfuil le déanamh agat. (Gáire)
Mar, is é an rud is ansa liom fuithi,
thar aon rud eile ná
go bhfuil sí, go raibh
láithreacht chinnte aici ar an stáitse,
agus go raibh sí oscailte faoina lochtanna
agus faoin réitiú a dhéanann sí ar na mothúcháin grithráiteacha
agus cuireann sí dualgas ort éisteacht leo agus machnamh a dhéanamh orthu,
agus sin é, bí Stevie Nicks le bhúr dtoil.
Go raibh maith agaibh.