Return to Video

Cartlann Bodhar na hÉireann: TITHE OIBRE

  • 0:00 - 0:04
    Cartlann Bodhar na hÉireann
    Tithe na mBocht/Tithe Oibre
    An Cúlra
  • 0:04 - 0:07
    Á Chur i Láthair ag Shane Gilchrist
  • 0:07 - 0:13
    Dia Dhaoibh. Inniu beidh mé ag caint faoi 'Teach na mBocht', nó 'an Teach Oibre'.
  • 0:13 - 0:24
    'Teach na mBocht' an seanainm a bhí air. Tugtar 'Tithe Oibre' orthu sa lá atá inniu ann.
  • 0:24 - 0:33
    Bunaíodh sna 1700idí iad, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste mar shampla.
  • 0:33 - 0:41
    Cuireadh Tithe na mBocht ar fáil do dhaoine boichte nach raibh aon obair acu.
  • 0:41 - 0:46
    Dá rachaidís ann, bheadh bia acu, ach bhíothas ag tnúth go rachaidís i mbun oibre.
  • 0:46 - 0:50
    (Tharla rud éigin i 1703)
  • 0:50 - 1:02
    I 1703, bunaíodh "Teach na Tionsclaíochta" i mBaile Átha Cliath trí Acht Parlaiminte.
  • 1:02 - 1:07
    Bhí sé cosúil leis Teach na mBocht, do dhaoine boichte chun go rachaidís i mbun oibre agus mar sin de.
  • 1:07 - 1:11
    (Bhí Achta Dlíthe na mBocht ar leith in Eirinn agus i Sasana.)
  • 1:11 - 1:19
    Rith rialtas Shasana dlí i 1834, a d'fheidhmíodh i Sasana amháin.
  • 1:19 - 1:22
    Rinne Éire amhlaidh ceithre bhliain ina dhiaidh, nuair a rith sí reachtaíocht féin.
  • 1:22 - 1:26
    (Acht Dhlí na mBocht 1838)
  • 1:27 - 1:34
    Tar éis múnla Shasana a leanúínt, i 1838,
  • 1:34 - 1:39
    tháinig an tAcht nua, Acht Dhlí na mBocht i bhfeidhm.
  • 1:39 - 1:42
    Sular ritheadh an Achta, ní raibh morán Tithe na mBocht ann
  • 1:42 - 1:45
    ceann amháin anseo agus ansiúd agus mar sin de.
  • 1:45 - 1:48
    Ach i ndiaidh 1838, tháinig méadú i líon Tithe na mBocht
  • 1:48 - 1:54
    agus togadh tuairim is 150 nó mar sin in áiteanna cosúil le Corcaigh, Gaillimh agus in áiteanna ar fud na tíre.
  • 1:54 - 1:57
    Conas a cabhraíodh Tithe na mBocht?
  • 1:58 - 2:01
    Mar shampla...eh...
  • 2:01 - 2:03
    Sa lá atá inniu ann, thabharfadh Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath tithíocht agus mar sin,
  • 2:03 - 2:05
    agus ag an am sin, ní raibh an tithíocht seo ar fáil.
  • 2:05 - 2:11
    Tá carthanais cosúil le Cumann Naomh Uinseann de Pól againn anois má tá cabhair uainn.
  • 2:11 - 2:12
    Ag an am, ní raibh na carthanais seo ag daoine.
  • 2:12 - 2:14
    Dá mbeadh cabhair uatha, bhí orthu dul go Teach na mBocht.
  • 2:14 - 2:18
    (Teach na mBocht Bhéal Feirste)
  • 2:19 - 2:24
    I 1790, bhunaigh agus mhaoinigh na daoine áitiúla Teach na mBocht Bhéal Feirste,
  • 2:24 - 2:27
    gan aon tacaíocht ón rialtas.
  • 2:27 - 2:31
    Bhí an Teacht Bocht seo suite gár do scoil Bodhar.
  • 2:31 - 2:37
    Bhí ospidéal, dochtúir, bia saor in aisce i dTeach na mBocht,
  • 2:37 - 2:40
    mar sin théití go dtí Teach na mBocht go rialta.
  • 2:40 - 2:42
    Dá mbeadh breoiteacht ar aon páiste bodhar, rachadh sé
    go Teach na mBocht.
  • 2:42 - 2:51
    Is é ár gcomhartha le haghaidh 'Bocht' ná...Rinneadh ospidéal as an Teach Bocht ar deireadh.
  • 2:51 - 2:54
    Ospidéal Cathrach Bhéal Feirste.
  • 2:54 - 2:58
    Chiallaigh sé sin gur bhain na bodhair áitiúla úsaid
  • 2:58 - 3:00
    as an comhartha céanna le haghaidh 'Bocht' agus 'Ospidéal'.
  • 3:00 - 3:04
    Cuir faoi ndeara go úsáidtear le haghaidh ospidéal in ISL, ach i mBéal Feirste úsáídtear
  • 3:04 - 3:06
    I Sasana, tá sé éagsúil arís.
Title:
Cartlann Bodhar na hÉireann: TITHE OIBRE
Description:

Tithe Oibre

more » « less
Video Language:
American Sign Language
Duration:
03:05
Róisín Healy edited Irish subtitles for Irish Deaf Archives: WORKHOUSES
Róisín Healy edited Irish subtitles for Irish Deaf Archives: WORKHOUSES
Róisín Healy edited Irish subtitles for Irish Deaf Archives: WORKHOUSES
Róisín Healy edited Irish subtitles for Irish Deaf Archives: WORKHOUSES
Róisín Healy edited Irish subtitles for Irish Deaf Archives: WORKHOUSES
Róisín Healy added a translation

Irish subtitles

Revisions