♪(Ceol tírghrách)♪ Dia dhuit Georgia! Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh vóta a chaitheamh i mí na Samhna, beidh ort cláraigh ar dtús. Is féidir leat seiceáil a dhéanamh ag úsáid an nasc thíos chun féiceáil má tá tú cheana féin cláraithe. Mura bhfuil tú, nó más rud é gur bhog tú nó gur aithrigh tú d'ainm ón uair dheireanach gur chaith tú vóta, is féidir leat fós an nasc céanna a úsáid chun iarratas clárú a líonadh. Díobh atá ceadúnas tiomána bailí Georgia agaibh, cuir isteach an uimhir ceadúnas agus cuir isteach an foirm ar líne. Mura bhfuil ceadúnas Georgia agat, cuirfidh siad ceist ort é a phriontáil amach, é a shíneadh agus é a chur sa phost, le stampa. Tá a fhios agam go bhfuil sé bearránach, ach tá sé tábhachtach, mar sin déan é ar aon nós. Is é an spriocdáta chun clárú an 5ú de mí Dheireadh Fómhar má tá tú ag iarraidh vóta a chaitheamh san olltoghchán ar an 3ú de mí na Samhna. Nuair atá tú cláraithe tá cúpla rogha difriúla agat faoi conas a vótálfaidh tú Is féidir le haon duine i Georgia vóta a chaitheamh tríd an post, aitheanta chomh maith mar vóta neamhláithrí, i gcómhair cúis ar bith. An t-aon rud gur caithfidh tú déanamh ná an foirm sa nasc thíos a íoslódáil, é a líonadh amach agus é a phóstail chuig oifig an Bord Contae um Cláraitheoir Tá nasc chuig a seoladh ar fad sa chur síos. Go teicniciúil, glacann Georgia le hiarratais ballóid neamhláithrí suas go dtí an 30ú de mí Deireadh Fómhair, ach is luatha go ndéanann tú iarratas is luatha a faigheann tú do bhallóid agus is faide a bheidh agat scrúdú a dhéanamh air agus do chinní a dhéanamh agus é a phóstáil ar ais roimh an 3ú de mí Samhna. Chomh maith, is féidir leat vóta a chaitheamh go pearsanta go luath ón 12ú go dtí an 30ú lá de mí Dheireadh Fómhair. Is féidir leis na huaireanta agus na suíomhanna a athrú idir contae ach tá ar gach contae cead a thabhairt duit vóta a chaitheamh go luath ar Sathairn amháin ar a laghad má tá sé níos éasca duit vóta a chaitheamh i rith an deireadh seachtaine. Tá nasc sa chur síos ina féidir leat do chontae a roghnú agus deirfidh sé leat cathain agus cén áit gur féidir leat dul chun vóta a chaitheamh go luath. Ach, má tá an sceitimíní uait de bheith ag caitheamh vóta go pearsanta ar an 3ú de mí na Samhna is féidir leat an áit vótála a aimsiú ag úsáid an nasc céanna gur bhain tú úsáid as chun clárú. Tá na toghcháin oscailte ó 7 r.n. go 7 i.n. ar fud an stáit. Beidh ort comhartha aitheantais a thabhairt leat. Glacfaidh siad le ceadúnas tiomána, comhartha aitheantais stáit, pas, comhartha aitheantais míleata nó comhartha aitheantais treibhe. Mura bhfuil na cineálacha aitheanta seo agat is féidir leat cárta comhartha aitheanta vótála saor in aisce a fháil ag d'oifig Cláraitheoir Contae nó ag an Roinn um Mótarfheithicil. Is féidir leis na huaireanta ina bhfuil na hoifig seo ar oscailt athrú agus beidh teastas breithe agus fianaise seoladh uait chun ceann a fháil. Mar sin, má tá comhartha aitheantais vótála saor in aisce uait, tosaigh ag obair ar sin anois. Má tá tú ag iarraidh féachaint ar gach rud a mbeidh tú in ann vóta a chaitheamh dóibh tá nasc thíos ina féidir leat do bhallóid samplach a aimsiú. Is é an nasc céanna a n-úsáidfidh tú chun clárú agus d'áit vótála a sheiceáil. Tugann sé sin seans duit taighde a dhéanamh ar na hiarrthóirí i gcómhair do thoghcháin áitiúla roimh ré. Ní chaithfidh tú vóta a chaitheamh do ghach ball ar an mballóid mura bhfuil tú ag iarraidh ach má tá tú ag iarraidh tionchar a bheith agat ar na toghcháin áitiúla tábhachtacha sin tá sé an-cabhrach a bheith ar an eolas faoi cad a bheidh air. Roimh a shiúlann tú isteach sa bhoth vótála, Má tá tú ag iarraidh, is féidir leat ceann a phriontáil amach chun tabhairt chuig na toghcháin leat ionas gur féidir leat cuimhniú ar conas gur mhaith leat vóta a chaitheamh. Rud amháin deireanach: má tá tú chun vóta a chaitheamh oscail an aip nóta nó faigh píosa páipéar agus déan plean. Scríobh síos cathain agus conas a bhfuil tú chun clárú, cén am a bhfuil tú chun vóta a chaitheamh, conas go rachaidh tú ann, cén comhartha aitheantais a bhfuil tú chun úsáid a bhaint as, fiú cé a bhfuil tú ag tabhairt chuig na toghcháin leat. Is bealach iontach é plean a bheith agat chun a bheith cinnte nach dtarlóidh aon rud chun thú a stopadh ag vótáil ar an 3ú Samhain. Beidh na nascanna ar fad atá uait chun do chlárú agus áit vótála a sheiceáil sa cur síos. Míle buíochas as vótáil! How To Vote in Every State (Conas Vóta a Chaitheamh i nGach Stáit) atá cruthaithe de Complexy, comhpháirtíocht le The MediaWise Voter Project atá ceannas ag The Poynter Institute agus tá tacaíocht ó Facebook.